I mo aonar dom aréir I mo shuí cois mara An spéir ar ghannchuid néal ' S an muir is tír faoi chalm. Do chumhraíocht ríonda A scáiligh ar scáileán m'aigne Cé loinnir deiridh mo ghrá duit A shíleas bheith in éag le fada. Ghlaos d'ainm go ceanúil Mar ba ghnách liom tamall ' S chuala scread scáfar Ó éan uaigneach cladaigh. Maith dhom murab fhál leat fiú Do scáth dhil im'aice Ach bhí an spéir ar ghannchuid néal ' S an muir is an tír faoi chalm.
I mo aonar dom aréir
I mo shuí cois mara
An spéir ar ghannchuid néal
' S an muir is tír faoi chalm.
Do chumhraíocht ríonda
A scáiligh ar scáileán m'aigne
Cé loinnir deiridh mo ghrá duit
A shíleas bheith in éag le fada.
Ghlaos d'ainm go ceanúil
Mar ba ghnách liom tamall
' S chuala scread scáfar
Ó éan uaigneach cladaigh.
Maith dhom murab fhál leat fiú
Do scáth dhil im'aice
Ach bhí an spéir ar ghannchuid néal
' S an muir is an tír faoi chalm.