Barr a' tSléibhe le Ciarán Ó Con Cheanainn

Поделиться
HTML-код
  • Опубликовано: 7 сен 2024
  • Barr a' tSléibhe - Corn Uí Riada 2008
    Is a Mháire tá dícéile ort mura dté tú liom an tsléibhe
    Ná fág anseo liom fhéin mé go huaigneach ins an oíche,
    Tá do theach mór á dhéanamh faoi sheomraí geala an éadan
    Agus beidh muid ann go haerach mo léan ar bheagán cíos.
    Is dá bhfeicfeá barr an tsléibhe nuair a bhíonns an ghrian ag éirí
    Níl duibheagán sa spéir ann ná gangaid ins an ngaoth.
    Tá an broc ar thaobh an léanna ann, tá an sionnach rua ar na péaca
    Tá an giorria ag poc-léimneach le pléisiúr insa bhfraoch.
    Is tá úth na mba ag pléascadh is iad ag tíocht abhaile 'géimneach
    Nach binn deas ceol na n-éan ann sna gleannta teacht na hoíche
    Tá an fear 's a bhean in éineacht go grámhar lena chéile.
    Is an seanduine bheadh na céadta bliain níorbh fhada leis a shaol.
    Tá coirce bán is eorna ann tá fataí 's arán go leor ann
    Tá cuireadh ag lucht bóthair ann is tá fáilte roimh gach n-aon
    Tá O'Reilly seinm cheoil ann, tá fíon tá brandy 's beoir ann
    I gcomhluadar daoine móra is an t-airgead dá roinnt.
    Tá an stil i rith i gcónaí ann is na baraillí á líonadh
    Tá cuireadh ag clann na ríthe bheith go síoraí ann ag ól
    Tá an sagart ann is cóire dhá bhfaighfeá in aon deoise
    Is a Mháire tóg mo chomhairle ó tar is éalaigh liom.

Комментарии • 7

  • @eoghanoneill9765
    @eoghanoneill9765 6 лет назад +11

    Mar má bhíonn tú ag amharc ar seo cloisfidh tú an leagan is fearr de!

  • @eoghanoneill9765
    @eoghanoneill9765 6 лет назад +6

    an chéad uair a chuala mé seo bhí a fhios agam gur seoid de amhrán a bhí ann ach go fírinneach ba í an dóigh ar cheol Ciaran O Concannan é. ar dheis Dé go raibh sé.

  • @black.gallow
    @black.gallow 2 года назад +1

    Ceoltóir an-chumanasach a bhí ann. Ar dheis Dé go raibh a anam

  • @MrNU998
    @MrNU998 Год назад +1

    At the right Hand of God he was, indeed

  • @Mac_an_Mheiriceanaigh
    @Mac_an_Mheiriceanaigh 5 лет назад +3

    thar cionn agus iontach an t-amhránaí!

  • @metalmayhem1716
    @metalmayhem1716 Год назад +3

    As a German, it might be okay, that I've got no clue, what he's singing about. Nevertheless, I'm captured by his voice and the magic of gaelighe language

  • @Mac_an_Mheiriceanaigh
    @Mac_an_Mheiriceanaigh 5 лет назад +3

    suaimhneas síoraí dá anam