Seisiún Eolais maidir leis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil

Поделиться
HTML-код
  • Опубликовано: 26 июн 2024
  • Tá an Ghaeilge níos lárnaí ná riamh san earnáil phoiblí agus tá cearta teanga phobal na Gaeilge treisithe go mór le cúpla bliain anuas faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla. Níl bealach níos fearr le freastal ceart a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus le do dhualgas teanga a chomhlíonadh ná ardscileanna teanga a chothú i measc d’fhoirne.
    Is clár páirtaimseartha é an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG) atá dírithe ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí a bhíonn ag plé leis an bpobal ar bhonn rialta agus ar gá dóibh a bheith in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil uaireanta. Tá deis acusan a thugann faoin TGG sainteanga a fhoghlaim a bhaineann go dlúth lena gcuid oibre agus cáilíocht aitheanta a bhaint amach ag an am céanna (ag Leibhéal 2, 3, 4, 5 nó 6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí).
    Caith súil ar an bhfíseán seo le tuilleadh a fhoghlaim faoin gcúrsa ríluachmhar seo agus faoin tairbhe a d’fhéadfadh tusa nó do chomhghleacaithe a bhaint as.

Комментарии •