CEOL 2018 Seo Linn - Bain an Glas

Поделиться
HTML-код
  • Опубликовано: 24 авг 2024
  • Traic #16 ó CEOL 2018 le hEoghan McDermott
    Bain an Glas le Seo Linn
    Scríofa ag: Ó Ruaidh / Ó Fearail / Shortall / Ó Briain
    Foilsithe ag: Seo Linn
    --
    LIRICÍ
    Taobh istigh
    Easnamh ionam
    Cumha orm is m’anam teilgthe ag an spéir
    (Le) cos amháin
    Ag bogadh ar aghaidh
    Amuigh faoin ngriain
    Leis an mbrionn a chur i bhfeidhm
    Ach ar mo shlí
    ‘Sé i bhfad i gcéin
    An scáil im' chroí
    Is é ag cur tuilleadh le mo léan
    Taobh thiar den chloch
    Tá solas ann
    Ag lonradh ar an gcaora fáin
    Bain an glas is lig dom dul
    Ag brú ar aghaidh leis an tine seo a adhaint
    I gcónaí tuilleadh
    An gá is mó ná
    le brú ar aghaidh leis an tine seo a adhaint
    Níl mé im’ mheirleach
    Mothaím go tréan
    Casadh an tsaoil mar bhréag dhon tsúil ghéar
    Air bhfuil faitíos roimh an léas
    Ní mé an gadaí
    Ní shin mo léan
    Ó bris an bac, seas an fód, caith uait an cré
    Bain an glas is lig dom dul,
    Ag brú ar aghaidh leis an tine seo a adhaint
    I gcónaí tuilleadh
    An gá is mó ná
    Le brú ar aghaidh leis an tine seo a adhaint
    Ag tiaráil romham le stró is cáin
    Ní fhéadfá scáth a chaith’
    Gan ar a laghad splanc amháin
    Seas faoi lán-airm
    Ke bogha is saighead
    Ach teastaíonn seal
    Le go mbeidh mé in ann a thabhairt faoin aidhm
    Bain díom an glas
    Níl sé de dhíth
    Tá an t-aistear seo dian go maith gan tuilleadh deachrachtaí
    Ag coinneáil liom
    Ag scaoileadh aoibh’
    Ach an cumha seo, níl sé ar nós mar a bhí sé riamh
    Ach an cumha seo, níl sé ar nós mar a bhí sé riamh
    No an cumha seo, níl sé ar nós mar a bhí sé riamh
    Bain an glas is lig dom dul
    Ag brú ar aghaidh leis an tine seo a adhaint
    I gcónaí tuilleadh
    An gá is mó ná
    Le brú ar aghaidh leis an tine seo a adhaint
    Bain an glas is lig dom dul
    Ag brú ar aghaidh leis an tine seo a adhaint
    I gcónaí tuilleadh
    An gá is mó ná
    Le brú ar aghaidh leis an tine seo a adhaint
    Eolas - ceol@cnag.ie
    #CEOL2018

Комментарии •