Ann Mulqueen - Na Connerys + Liricí | Tigh Mooney, An Rinn | Geantraí 2002 | TG4
HTML-код
- Опубликовано: 16 окт 2024
- Ann Mulqueen leis an amhrán Na Connerys, i gcomhluadar Íde agus Sorcha Ní Chéileachair, i dTigh Mooney ins an Rinn, Co. Phort Láirge i 2002. Tá clár ar an seinnteoir TG4 anois faoi Ann Mulqueen.
Na Connerys : Na Focail ; Na Liricí : Irish Song Lyrics :
A Choimhín mhallaithe guímse deacair ort, agus gráin Mhic Dé,
Is ar an ngasra úd athá ceangailte go dlúth le d'thaobh,
Mar sibh do dhearbhaigh i láthair Choisdealaigh, ar an triúr fear séimh,
Is a chuir na Connerys thar na farraigí , go dtí New South Wales .
Té a bheadh ina sheasamh ann, is dhéanfadh machnamh ar ár gcúis dá plé,
Mar a sheasaigh sí ón seacht ar maidin , go dtí tar éis a naoi,
Do chroith an talamh fúinn le linn na leabhartha, ann dá dtabhairt sa mbréag,
Mo ghreidhin-se an t-anam bocht , nó tá sí damanta más fíor don gcléir .
Tá jacéid gairid dá dhéanamh ó mhaidin dúinn is triús dá réir,
Culaithe farraige ní nár thaithigheamar , i dtús ár saoil ,
Muireach feabhas ár gcaradais bhí ár muiníl cnagtha, is sinn go doimhin san aol,
Nó gur casadh sinn chun téarmaí a chaitheadh ,ins na New South Wales.
Is a Bhanríon bheannaithe is a Rí na bhFlaitheas Geal, tabhair fuascailt orainn araon,
Is ar an mbanaltra a thá sa mbaile go dúch inár ndéidh,
Le linn an Aifrinn bígí ag agallamh , is ag guí chun Dé,
Ar na Connerys a thabhairt abhaile chughainn , ós na New South Wales.
Tá Geantraí ar fáil ar Sheinnteoir TG4 anois, am ar bith ar fud na cruinne / More episodes of Geantraí are available on the TG4 Player now - watch anytime, anywhere in the world 🎶🌎➡️ bit.ly/38464Qy
Subscribe to TG4’s Irish Traditional Music Channel on RUclips / Glac síntiús chuig cainéal ceoil TG4 ar RUclips ➡️ bit.ly/2V8xyBG
#Geantraí #TG4 #TradTG4 #CeolTG4