Creidim Ionat 2024

Поделиться
HTML-код
  • Опубликовано: 18 июн 2024
  • Cuireadh deireadh le Creidim Ionat (I Believe In You), tionscnamh Fhoras na Gaeilge i gcomhpháirtíocht le RTÉ, tar éis feachtas rathúil. Tá torthaí na bhfoirne meantóireachta ar éirigh leo spriocanna Gaeilge a bhaint amach ar fáil don phobal anois, i bhfoirm clár podchraolta dátheangach Brendan Courtney agus David O'Reilly de 'Any News', atá ar fáil anseo agus leagan Gaeilge ‘When I Play for the County’ le The 2 Johnnies atá ar fáil anseo.
    Mar an eagraíocht Ghaeilge atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ar oileán na hÉireann, tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge mar gheall ar an leibhéal rannpháirtíochta agus tacaíochta a fuarthas i mbliana. Seoladh an feachtas beo ar theilifís RTÉ ar Lá Fhéile Pádraig 2024, ag spreagadh gach duine clárú le ranganna agus turais an mheantóra a leanúint ón 8 Aibreán. Chomh maith le meantóireacht a dhéanamh ar Brendan agus David chun a sprioc a bhaint amach, chuaigh an craoltóir agus láithreoir Sinéad Ní Uallacháin amach sa phobal chun cuairt a thabhairt ar ghrúpaí a bhí ag déanamh meantóireachta ar a chéile mar chuid de Creidim Ionat. Thug a cuid taistil go Chnoc Liamhna í, áit a ndearna cór Gaeilge, 'As Béal a Chéile', meantóireacht ar 'Ukrainian Action Choir' chun 'Óró Sé Do Bheatha 'Bhaile' a cheol le chéile. Féach ar a léiriú agus ar an gcaoi ar thug an dá ghrúpa tacaíocht dá chéile ar an mbealach anseo.
    Ghlac The 2 Johnnies páirt san fheachtas chomh maith, a fuair meantóireacht ón léiritheoir agus láithreoir raidió, Aindriú De Paor, chun a singil iomráiteach "When I Play for the County" a thaifeadadh go hiomlán as Gaeilge. I rith mhí an Mheithimh, beidh Foras na Gaeilge ag roinnt an fhíseáin léirithe "Nuair a Imreoidh Mé don Chontae" le gach scoil Ghaeilge sa tír, chomh maith le coláistí agus campaí Gaeilge a bhfuil pleananna ceachta ag gabháil leo mar acmhainn chun cabhrú le daltaí dul i ngleic leis an nGaeilge ar an bhfíor-leibhéal.
    Ghlac na mílte duine páirt san fheachtas, chláraigh siad don nuachtlitir agus lean siad ar thurais mheantóirí móra an fheachtais, ag baint leas as ranganna Gaeilge le Gael Linn agus Gaelchultúr, agus ag leanúint an chláir foghlama atá leagtha amach ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge. Bhí 26 milliún amharc san iomlán ag an bhfeachtas. Tháinig méadú 69% ar líon na ndaoine a chláraigh do nuachtlitir Foras na Gaeilge agus méadú 86% ar thrácht chuig an suíomh gréasáin, le cuairteoirí ó 137 tír ar fud na cruinne.
  • РазвлеченияРазвлечения

Комментарии •