John Beag Ó Flatharta - Mé Féin is mo Mhéit

Поделиться
HTML-код
  • Опубликовано: 28 сен 2024
  • An chéad amhrán a chum Tom a’ tSeoige faoin Méit.
    I gcathair mhór na Gaillimhe an lá cheana 's mé liom fhéin,
    Thug mé cuairtín ar an stáisiún san áit a mbíodh an traen,
    Ag breathnú ar na ráillí dhom ag síneadh amach ó dheas,
    Nach iomaí duine a d'fhág ariamh nár smaoinigh thíocht ar ais.
    Ó shuigh mé síos go ligfinn scíth 's mé tuirseach tar éis an lae,
    Tháinig smaointe isteach i m'intinn 's mé ag cuimhniú ar mo mhéit,
    Nach iomaí lá 's d'fhéadfá rá 's seachtain fhada 's mí,
    's bliain a tháinig ó bhuail muid ráille ag triall ar Huddersfield.
    Dul thríd Áth Luain is é mhéadaigh ár gcumha 's ualach ar mo chroí,
    Nár cheap mé fhéin dá mo liom Éirinn nach mairfinnse beo mí,
    Ag Port Dhún Laoghaire 's muid in éindí b'uaigneach é ár gcás,
    Chuaigh mé fhéin 's mo mhéit 's an dá chase ar bord An Princess Maude.
    Bhí an oíche go breá 's an ghealach lán 's bhí an spéir ag dubhú thiar,
    Bhí An Princess Maude ar cheann an chábla 's í ag bogadh siar 's aniar,
    'séard dúirt an máta go múinte mánla: Ó faighigí áit le suí,
    Beidh an fharraige ard 's an gála láidir 's beidh muid ar fad tinn.
    Ó b'shin í an oíche a d'fhág muid tinn beidh cuimhne againn air go deo,
    Dul ó thaobh go taobh 's muid ag cailleadh ár ngreim nuair a shéid an gála mór,
    Bhí daoine sínte 's mná ag caoineadh 's gan aon leigheas le fáil,
    Ach feamainn 's maidí á gcaitheamh trasna ar bord An Princess Maude.
    Ó lá arna mháireach tar éis an ghála bhí muid maith go leor,
    Ar dhath an bháis bhí daoine ag rá is athrú ar a nglór,
    Ní raibh alt ná cnámh nach raibh leonta gearrtha ach ba chuma bhí muid beo,
    Is an méit ab fhearr agam dúirt sé an lá sin nach bhfillfeadh sé go deo.
    Ó d'fhág muid an baile le dul reatha (?) seachtain roimh an gcáisc,
    B'é an comhrá teallaigh a bhí sa mbaile go raibh saibhreas le déanamh ann,
    Ní raibh nóiméad scíth i Huddersfield ach ag obair chuile lá,
    Cé nach bhfacthas tada ach pócaí folamh' dul síos 's aníos an tsráid.
    Céad slán le Éirinn a dúirt mo mhéit 's nach ann a bhíodh an spóirt,
    Ó faraor géar nár liostáil mé 's bheinn thiar ar an Rinn Mhór,
    Faoi mo chaipín ard 's mo chulaith bhreá 's nár dheas iad mó dhá bhróg,
    Bheinn sciúrtha bearrtha chuile lá 's nach é an saol é ag fear óg.
    Ní bhíodh mo mhéitse i dtogha in éadaigh, níor chleacht se mórán dhó,
    Ach ina chnámh bhí neart 's sclábhaíocht is é beaite leathan mór,
    Ó thug sé an sway as an Isle of Grain 's as áiteanna go leor,
    Dúirt Murphy fhéin nár fhág aon bhéar as Éirinn mar é fós.
    Nach mór an feall gurb í an bád bán a bhí i ndán dhó i dtús a shaoil,
    Ní hí an fharraige ard ná an gála láidir a ghráinigh ar a shaol,
    Mar b'iad na mná a thóg suas a cheann 's thug sé grá don bheer,
    Ach a mhéit a dheartháirín cibé cá bhfuil tú cuimhnigh ar an áit thiar.
    Tá athrú tagtha ó d'fhág tú an baile i 1953,
    Ach a mhéit a dheartháirín cibé cá bhfuil, tú tá sé in am agat scríobh,
    Go dtí do mháithairín a d'fhág tú cráite nach dtógfá suas a croí,
    Mar níl mórán am de réir an nádúr go mbeidh sí ag dul i gcill.
    Faoi choimrice Dé go raibh mo mhéit saol fada aige le só,
    's má tá sé in Éirinn fear mar é níor casadh liom é fós,
    Ag dul ag an gcuntar bhí sé sound 's é chomh ciúin le lao na bó,
    Ach tá súil agam féin go mairfidh mé go gcasfar liom é fós.

Комментарии • 6

  • @patlardner1773
    @patlardner1773 3 года назад +10

    An t-Amhránaí is fearr a chuala mé ariamh agus go raibh míle maith agat, a fhearGorm. Aon seans go bhfuil "an Séipéalaín" nó "amhrán na trá báinne" agat le John Beag.

  • @marykinsella417
    @marykinsella417 3 месяца назад +1

    ahh Dublin in the rare old times❤😂

  • @leitirmoir94
    @leitirmoir94 3 года назад +2

    Aon seans ar amhran londain shasana

  • @caoimhinmalone5699
    @caoimhinmalone5699 3 года назад +5

    Class

  • @isaweesaw
    @isaweesaw 3 года назад +5

    Is breá liom é seo