Teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig 2021 ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

Поделиться
HTML-код
  • Опубликовано: 15 мар 2021
  • Bhí Lá Fhéile Pádraig á cheiliúradh ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn le teachtaireacht speisialta “do gach ball do mhuintir na hÉireann, agus a cairde ar fud an domhain”.
    president.ie/g...
    Sna blianta roimhe seo, d’fhreastail an tUachtarán agus Saidhbhín ar roinnt imeachtaí chun lá náisiúnta na hÉireann a cheiliúradh, ach, i mbliana, de réir srianta sláinte phoiblí Covid-19, beidh an fhéile bhliantúil ar líne.
    De ghnáth, freastalaíonn an tUachtarán ar ócáidí poiblí, ina measc paráid i lár chathrach Baile Átha Cliath, agus óstálann sé fáiltiú do dhaoine agus grúpaí a rinne éacht mór ar son na tíre. I mbliana, bheartaigh sé teachtaireacht físeáin a eisiúint agus dea-ghuí a sheoladh chuig muintir na hÉireann agus machnamh a dhéanamh ar éifeacht pandéim domhanda Covid-19.

Комментарии •